Craobhchomórtas Rásaíochta Foirne um Scoileanna Chonnacht 2009
Date: Apr 9, 2009

Tar éis dóibh lá crua a chaitheamh i mbun traenála ar an Satharn 4ú Aibreán, chuaigh seacht bhfoireann i mbun catha le haghaidh na chéad babhta den Chraobhchomórtas Rásaíochta Foirne um Scoileanna Chonnacht a reáchtáladh ar an Domhnach 5ú Aibreán i Loch an tSáile, Cathair na Gaillimhe. Bhí an aimsir go maith le leoithne dheas sheasta agus spéir ghlan. Scaoil an tAire Éamon Ó Cuív TD an chéad Ghunna ag 10:00 agus chuir an tOifigeach Rása Eddy Cats tús leis an tsraith Round Robin de 21 rás.

Bhí an iomaíocht go géar agus bhí an rásaíocht corraitheach. Tháinig trí scoil chun tosaigh sa tSraith Round Robin agus bhuaigh siad áit sna cluichí leathcheannais - Meánscoil na n-Ursalach, Loch Garman (ar tugadh cuireadh dóibh), Scoil Chroí Mhuire an Spidéal agus Coláiste Seamount Cinn Mhara. Bhí cluiche cothrom ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin as an gCeathrú Rua agus Coláiste Calasanctius as an Órán Mór ar bhuaigh ceachtar acu ceithre bhabhta. Bhí rás iontach corraitheach acu agus iad taobh le taobh go dtí an deireadh nuair a bhí an bua ag an gCeathrú Rua.

Bhí ar an gCeathrú Rua, a raibh foireann acu a bhí déanta suas de Sheoltóirí Húicéir na Gaillimhe nár sheol i mbáidíní calaithe roimhe sin a ndícheall a dhéanamh sa cheann is fearr de thrí chluiche leathcheannais a bhí acu i gcoinne an Spidéil. Bhuaigh an Spidéal an chéad rás go héasca le críoch a haon a dó a trí, ach toisc go raibh an ghaoth níos ísle sa dara rás bhí bua cúng a bhí tuillte go maith acu ag an gCeathrú Rua. Ba é an rás deireanach a chinn an toradh nuair a chuaigh an Spidéal chun tosaigh go luath ach d'éirigh leis an gCeathrú Rua dul ar ais sa rás sa bhabhta deireanach chun na gaoithe nuair a bhí sé de dhánacht acu seoladh taobh leis an gcaladh. Trí sheoladh taobh leis an gcaladh níor chuir an taoide láidir isteach an oiread sin ar an gCeathrú Rua agus mar thoradh air sin bhuaigh siad an rás agus thuill siad áit sa chluiche ceannais.

Ar an taobh eile den tarraingt bhí Loch Garman i gcoinne Cinn Mhara. Dlúthchomórtas idir an dá scoil cailíní a bhí anseo agus rinne siad troid chrua le haghaidh gach orlaigh ar an ráschúrsa. Ag deireadh na chéad rása bhí scoil Loch Garman chun tosaigh le críoch a haon a dó a trí. I rith an dara rása chuir Cinn Mhara a gcroí isteach sa tseoltóireacht agus iad ag iarraidh áit a fháil sna cluichí ceannais ach ar an drochuair ní raibh sé i ndán dóibh. D'éirigh leis na cailíní as Loch Garman áit a thuilleamh sa Chluiche Ceannais leis an gCeathrú Rua.

Bhuaigh an Cheathrú Rua Craobhchomórtas Rásaíochta Foirne Chonnacht. Dlúthchomórtas eile a rabhthas ag tnúth go mór leis a bhí sa chluiche ceannais agus níor cuireadh díomá ar an lucht féachana. Bhí cath na Ceathrún Rua agus Loch Garman chomh taitneamhach, go raibh cuma an tráchta buaictrátha ar na gluaisteáin ar Bhóthar Loch an tSáile agus gach duine ag iarraidh an gníomh a fheiceáil. I ndeireadh na dála ní fhéadfadh ach foireann amháin an bua a fháil agus ba í an fhoireann as Loch Garman ar tugadh cuireadh dóibh a tháinig chun tosaigh nuair nár chaill siad ach aon rás amháin as 13 rás ar an lá. Bhí an bua ag an Spidéal sa rás le haghaidh an Tríú/Ceathrú háite, agus bronnadh an Bhunscoil is Fearr ar an bhfoireann as Baile Átha an Rí.

Ba iad na torthaí deireanacha ná:
1ú - Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
2ú - Scoil Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
3ú- Coláiste Seamount, Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe


website by designassociates
Volvo Ocean Race/Lets do it GalwayFailte Ireland